Tá dhá pháipéar scríofa agus cluastuiscint sa scrúdú seo!
Tá 170 marc ag dul do Pháipéar a hAon
Tá 180 marc ag dul do Pháipéar a Dó
Tá 100 marc ag dul don Chluastuiscint
Agus tú ag ullmhú do Pháipéar a hAon tá sé fíor – thábhachtach go bhfuil tú ag léamh Gaeilge gach lá, sa nuachtán, i.e. Foinse. Agus tú ag léamh tá tú ag bailiú eolais, foclóir, smaointe agus frásaí nua do d’aiste féin.
Ceist 1 ; Ceapadóireacht – tá na marcanna don cheist seo deighilte idir 80 marc don Ghaeilge agus 20 marc don eolais.
Mar sin, tá sé tábhachtach go bhfuil a lán frásaí difriúla agat, gramadach ceart agus briathra éagsúla! Tá rogha agat sa cheist seo idir;
· Aiste
· Scéal
· Alt nuachtáin
· Díospóireacht/Óráid
Bí cinnte go bhfuil an t-eolas agat faoi cad atá ag tarlú sa domhain mhór agus sa tír seo faoi láthair agus le blianta beaga anuas! Mar shampla; Cúlú Eacnamaíochta, Bochtanas, Dífhostaíocht, NAMA, Ciníochas agus an míchlú san Eaglais!
Chun eirí go maith sa cheist seo;
· Déan plean don aiste
· Úsáid seanfhocail
· Úsáid réimse leathan do bhriathra agus aimsirí – an briathar saor agus módh conníollach san áireamh
· Úsáid tuiseal Ginideach
· Foghlaim réimse leathan de frásaí agus foclóir
· Úsáid réamhrá agus críoch i gcónaí.
Ceist 2 ; Léamhthuiscintí
Tá dhá léamhthuiscint le déanamh ar an bpáipéar seo – 35 mharc an cheann!
Taithí a dhéanann máistreacht anseo!
· Léigh tríd na ceisteanna ar dtús
· Léigh tríd an téacs agus aibhsigh na freagraí
· Léigh tríd na ceisteanna arís
· Ceann ar cheann scríobh amach na freagraí ach déan iarracht iad a scríobh i d’fhocail féin
· Muna gcuireann tú athrú éigin isteach beidh do fhreagra ‘iomarcach’ agus gheobhaidh tú leath-mharc nó uaireanta ‘0’ má bhíonn sé ró-iomarcach
B’fhéidir déan ceann nó dhó de na ceisteanna seo ag tús an scrúdú roimh an cheapadóireacht mar cuireann sé Gaeilge ar ais i do cheann!
Páipéar a Dó
Tá ceithre ceisteanna le déanamh ar an bpáipéar seo;
Ceist 1 ; Prós Ainmnithe 40 marc
Ceist 2; Próstéacs Breise 40 marc
Ceist 3; Filíocht 70 marc
Ceist 4; Stair na Gaeilge 30 marc
Ceist 1; Prós, freagair dhá cheist;
Chun ullmhú don cheist seo, tá sé tábhachtach féachaint siar ar na páipéir scrúdaithe, agus féach cad a bhí ann an bhliain seo chaite, agus na blianta roimhe sin.
Ní raibh ‘Fiche Blian ag Fás’ nó ‘Clare sa Spéir’ ar an bpáipéar an bhliain seo chaite, mar sin déan mionstaidéar ar na scéalta seo i mbliana.
Tá sé tábhachtach ‘achoimre’ a dhéanamh ar gach scéal mar seans go n-úsáidfidh tú é pé cheist a bheidh ann.
Ceist 2; Próstéacs Breise. I mbliana táimíd ag déanamh staidéar ar ‘An Triail’, le Mairéad Ní Ghráda.
Chun bheith ullmhaithe don cheist seo, tá sé tábhachtach go bhfuil tuiscint mhaith agat ar na rudaí seo a leanas;
· Na Príomhcharactair, i.e. Máire, Pádraig, Bean Uí Chathasaigh
· Na Mioncharactair, i.e. Áine Ní Bhreasail, Seán, Liam, Seáinín an Mhótair, Mailí, Bean Uí Chinsealaigh
· An Plota, Tragóid
· Fimíneacht
· Éire sna 60’s
· Léiriú stáitse
· Téamaí éagsúla atá ag rith go leanúnach tríd an leabhair
Ceist 3; Filíocht. Anseo féach siar ar na páipéir scrúdaithe arís. I gceist 3a tá tú ag déanamh staidéar ar na dánta gnáthleibhéal. I mbliana, déan staidéar ar na dánta go léir, ach go háirithe, Jack agus Níl Aon Ní, mar ní raibh siad ar an bpáipéar an bhliain seo chaite.
I gceist 3b tá tú ag féachaint ar na dánta ardleibhéal. Tá sé deacair anseo, mar tháinig gach ceann de na dánta seo suas uair amháin go dtí seo, ach b’fhéidir féach ar na cinn a tháinig suas i 2006, 2007, i.e.
· An t-Oileán
· An Chéad Dráma
· Úirchill an Chreagáin
· Maigdiléana
Bíonn an dán féin scríobhta ar an bpáipéar – ní gá í a chur de ghlanmheabhair in aon chor.
San fhilíocht téann na marcanna le haghaidh : Ráiteas – Forbairt – Línte. (1:2:1)
Ceist 4; Stair na Gaeilge
Anseo, bí cinnte go bhfuil staidéar déanta agat ar 20 – 25 de na hábhair is coitianta
Bí ábalta trí mhórphointe a scríobh ar an hábhair seo
Níor tháinig ‘An Fhiannaíocht’ suas le fada, mar sin déan mionstaidéar ar seo
Cluastuiscint
Ullmhaigh le;
· Éist le RnaG
· Féach ar TnaG
· Léigh Foinse
· Cleachtadh
Agus tú ag déanamh an páipéar seo;
· Tá 10% ag dul don Ghaeilge sa Chluastuiscint. (Baintear é ag an deireadh). Mar sin, níl litriú tábhachtach in aon chor.
· Tabhair buile faoi thuairim – agus seans go bhfaighidh tú marcanna!
· Léigh na ceisteanna go cúramach
· Aibhsigh na focail/frásaí is tábhachtaí
· Déan nótaí duit féin ar thaobh an leathnaigh Mar Shampla; Lá, Dáta, Ainm
· Cóimeád do fhreagaí gearr
· Bain triail as gach cheist!
Páipéar a hAon
Ceist 1: 90 nóim
Ceist 2a - 35 nóim
2b - 35 nóim
2 uair 40 nóim
Léamh-10 nóim
2 uair 50 nóim
Páipéar a Dó
Ceist 1a - 25 nóim
1b -15 nóim
Ceist 2 -40 nóim
Ceist 3a - 35 nóim
3b - 35 nóim
Ceist 4 -30 nóim
Léamh - 20 nóim
3 uair 20 nóim
Go n-eirí libh!
Agus ná déan dearmad ‘Taithí a dhéanann máistreacht!’